Éire

Óró sé do bheatha abhaile

(Gaeilge 爱尔兰 Irish Gaelic)


’Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar
do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
do dhúiche bhreá i seilbh meirleach
's tú díolta leis na Gallaibh.

Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.


Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh
's cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.


A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
óró, sé do bheatha bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.